Tá saol sóisialta agus cultúrtha beoga i bPort Láirge le clár d’fhéilte ó cheann ceann na bliana, taibhithe ilghnéitheacha amharclainne, siamsaíocht iontach tráthnóna agus oíche a thugann tionscnamh na Brataí Corcra tacaíocht di agus tairiscint tharraingteach miondíola breisithe ag miondíoltóirí neamhspleácha.
AG ITHE I MBIALANNA
Is cúis mhór mhaíte do Phort Láirge é an cultúr bia, a fhreastalaíonn ar gach saghas rogha agus é ag dul ó neart go neart i gcónaí. Tá liosta na mbialann i bPort Láirge ar: http://www.visitwaterford.com

Is comhthionscnamh de chuid lucht bialann Chathair Phort Láirge é ‘Eat Waterford’ agus is í an aidhm atá aige ná an ilghnéitheacht chócaireachta atá ar fáil sa chathair a aibhsiú. Tuilleadh eolais ar fáil ar: Eat Waterford

PICTÚIRLANN & AMHARCLANN
Tá trí amharclann agus trí phictiúrlann ag Port Láirge agus dá bhrí sin bíonn rogha éagsúil de sheónna ar siúl chun rogha gach aon duine a shásamh.
AMHARCLANNA
- Lána an Ghairtéir, Cathair Phort Láirge
- An Amharclann Ríoga, Cathair Phort Láirge
- Amharclann Halla an Bhaile, Dún Garbhán
PICTIÚRLANNA

AN BHRATACH CHORCRA
Bronnadh gradam na Brataí Corcra ar Phort Láirge i mí Feabhra 2015. Is scéim idirnáisiúnta chreidiúnaithe í a thugann aitheantas d’eacnamaíocht mhaith thráthnóntaí agus oíche, inar féidir le daoine oíche shábháilte a chaitheamh amuigh i gcomharsanacht thaitneamhach. Tuilleadh eolais ar fáil ar Bhratach Chorcra Phort Láirge ar: Purple Flag Waterford.
FÉILTE I BPORT LÁIRGE
Bíonn clár d’fhéilte fadbhunaithe agus imeachtaí nuálaíocha eile ar siúl i bPort Láirge ó cheann ceann na bliana agus i measc na n-imeachtaí úd tá:

Féile Nollag na hÉireann a bhíonn ar siúl ó dheireadh mhí na Samhna go dtí an 23 Nollaig agus é lán le himeachtaí féiltiúla agus uathúla a bhíonn lonnaithe ar láithreáin ghleoite oidhreachta ar fud Chathair Phort Láirge.

Tá Féile Bia Iarthar Phort Láirge lonnaithe i mbaile cósta sciamhach, Dún Garbhán, Co Phort Láirge agus reachtáiltear an fhéile í mí Aibreáin, gach aon bhliain. Is féile í seo dóibhsean gur aoibhinn leo a gcuid bia agus do dhaoine, idir chuairteoirí agus lucht áitiúil, ar gach aon aois gur breá leo spórt agus spraoi.

Féile Idirnáisiúnta na nEalaíon Sráide: Le fiche bliain anuas tá anamúlacht curtha ar shráideanna Phort Láirge, ar feadh trí lá, ag Spraoi agus raon d’ealaíona agus taispeántais sráide á gcur i láthair leis an iliomad taibheoirí, ceol beo agus sraith d’amharclann sráide.

Féile Fómhair Phort Láirge: Deireadh seachtaine d’imeachtaí spraoi a bhíonn bia lárnach i gCathair Phort Láirge is ea Féile an Fhómhair, a reachtáiltear i mí Mheán Fómhair gach aon bhliain, oiriúnach do chách le margaí, fulachtaí, picnicí, féastaí, gigeanna, cóisirí sráide, taispeántais chócaireachta, ceardlanna um bhlaiseadh do, sráidbhailte ceardaíochta agus breis!

Féile na Promanáide: Féile nua agus spreagúil Ealaíon agus Oirfide í Féile na Promanáide, a bhíonn ar siúl i suíomh faoi leith idir muir agus tír, ar an bPromanáid ar an Trá Mhór.

Féile an Chumaraigh Fhiáin Céiliúrann Féile an Chumaraigh Fhiáin áilleacht nádúrtha, éagsúlacht agus uathúlacht cheantar an Chumaraigh agus leas á bhaint as siúlóidí, rianta, léachtaí, ceol traidisiúnta, filíocht agus scannánaíocht, le béim láidir ar an dúlra agus ar eachtraíocht.

Immrama :Tá Féile Scríbhneoireacht Taistil an Leasa Mhóir tiomanta d’ealaín na Scríbhneoireachta Taistil, don Cheol agus do Shiamsaíocht den chéad scoth, a eagraítear i mbaile álainn oidhreachta an Leasa Mhóir.
Liosta iomlán de na féilte ar fad i bPort Láirge ó cheann ceann na bliana ar fáil ar: Waterford Festivals
STAIDIAMAÍ
Bíonn raon d’imeachtaí spóirt ar siúl le linn na bliana i staidiamaí Phort Láirge agus cuireann siad lá nó tráthnóna iontach amuigh ar fáil do chlann agus do chairde araon. Más mian leat féachaint ar chluiche, geall a chur ar chapall, freastal ar luthchleasaíocht bheo nó súp a bhaint as tráthnóna ag rásaíocht na gcon, is iomaí rogha atá le tairiscint ag Port Láirge duit.
Ráschúrsa na Trá Móire
Bíonn aon imeacht déag rásaíochta ar siúl ag Ráschúrsa na Trá Móire in aghaidh na bliana agus bíonn spórt agus spraoi ag baint leosan ar fad i gcomhair gach aon aoisghrúpa. Freastalaíonn an ráschúrsa ar gach earnáil rásaíochta idir rásaíocht ar an gcothrom agus rásaíocht seilge náisiúnta agus tá clú agus cáil air as an ard géar ar a chúrsa aon mhíle.
Rásraon Con Chill Chuacháin
Tá Rásraon Con Chill Chuacháin suite i gCathair Phort Láirge. Tá bialann lánseirbhísí ag an rásraon seo agus is iontach an áit é chun oíche a chaitheamh le cairde nó le comhghleacaithe.
Páirc an Bhreathnaigh & Staidiam CLG Pháirc Uí Fhearchair
Tá dhá bhaile ag CLG Phort Láirge; Páirc an Bhreathnaigh i gcathair Phort Láirge agus Páirc Uí Fhearchair i nDún Garbhán-tabhair cuairt ar aon cheann díobhsan chun taitneamh a bhaint as cluiche peile nó iomána agus tóg isteach atmaisféar leithleach lá an chluiche.
Ionad Réigiúnach Spóirt Phort Láirge (RSC)
Tá réimse leathan áiseanna á dtairiscint ag Ionad Réigiúnach Spóirt Phort Láirge agus bíonn siad ar fáil don phobal seacht lá den tseachtain. I measc na saoráidí tá:
- Raon luthchleasaíochta ar chaighdeán Oilimpeach
- Saoráidi iomlána feistis
- Cúrsa Cuir agus Caithimh 18 poll
- 3 Pháirc Imeartha i gcomhair traenála
Imríonn Cumann Peile Phort Láirge Aontaithe a gcluichí baile SSE Airtricity san Ionad Réigiúnach Spóirt agus óstálann siad cluichí idirnáisiúnta de chuid an FAI agus cluichí Rugbaí Chorn Shasana/Chorn na hÉireann.