A bhuí le suíomh Phort Láirge ní bhíonn duine riamh i bhfad ón tuath phictiúrtha, ó shléibhte fiáine nó ó thránna gainmheacha a leanann imeallbhord an Atlantaigh fhiáin. Níl deireadh leis na deiseanna i gcomhair gníomhaíochtaí, spórt agus eachtraí a chuireann tírdhreach uathúil Phort Láirge ar fáil do chách.
ALLAMUIGH
Is cuma an í fánadóireacht bhog, ardscéimhe a theastaíonn ó dhuine nó eachtra ardfhuinnimh, tá acmhainní nádúrtha go flúirseach ag Port Láirge chun freastal ar chách idir thránna, fhaillte, shléibhte, aibhneacha agus choillearnach a oireann do raon gníomhaíochtaí allamuigh.
147km
d’imeallbhird an Atlantaigh fhiáin le 49 trá cianaosta
2
Dhá shliabhraon fhiáine inrochtana
2
Dhá phríomhabhainn-Abhainn na Siúire agus Abhainn Mhór na Mumhan
48km
48km Glasbhealach-Siúlbhealach agus Rotharbhealach tiomnaithe, a oscailte ó shin 2017.

SAOL COIS CÓSTA & TRÁNNA
Tá 147 km d’imeallbhord an Atlantaigh fhiáin-25km de a fhoirmíonn Cósta an Chopair de chuid UNESCO a ainmníodh i ndiaidh oidhreacht mhianadóireacht chopair an cheantair sa 19ú haois.
- Tá tránna agus cuasa atá iata ag cinn tíre agus bealach scéimhiúil tiomána i gceist le Cósta an Chopair.
- Tá Geopháirc Chósta an Chopair ar cheann de 120 Geopháirc Domhanda UNESCO
- Má tá fonn ort dul ag snámh, dul ag surfáil eitleoige, dul ag siúl, dul ag crú na gréine, dul ag tonnmharcaíocht, dul ag cadhcáil, dul ag iascaireacht, caisleán a thógáil sa ghaineamh nó aer úr na farraige a shlogadh isteach; tá 49 trá chianaosta ag Port Láirge, idir chuasa ciúine agus 5km de dhriopás thrá na Trá Móire, príomhionad saoire na hÉireann.

SLÉIBHTE
- An eiseamláir is fearr de chomloch san Eoraip: Com Seangáin
- Eas 80m: Eascanna na Machan
- Pointí Arda ag 794m & 792m
Tuilleadh eolais féach ar: Comeragh Mountain range
Tuilleadh eolais féach ar: Knockmealdown Mountain range

GLASBHEALACH PHORT LÁIRGE
Tá Glasbhealach Phort Láirge ina siúlbhealach agus ina rotharbhealach tiomanta ar an seanbhóthar iarainn idir Dún Garbhán agus Port Láirge. Sníomhann sé a chúrsa cois imeallbhoird ilghnéithigh agus faoi ailleacht na tuaithe ar feadh 48km, ag ceangal Port Láirge le Dún Garbhán.
Tuilleadh eolais ar fáil ar: Waterford Greenway

RIANTA I bPORT LÁIRGE
Bíodh siúlóid scéimhe teaghlaigh uait nó fánaíocht eachtrúil, tá rogha breá de rianta tiomanta a oireann do gach aon riachtanas i bPort Láirge. Tuilleadh eolais ar fail ar: Walking or Irish Trails - Waterford
AIBHNEACHA I bPORT LÁIRGE
Tá dhá abhainn mhóra i bPort Láirge; Abhainn na Siúire (185km) agus Abhainn Mhór na Mumhan (169km). Soláthraíonn na haibhneacha seo chomh maith le haibhneacha beaga nach iad, deiseanna den scoth i gcomhair iascaireachta, rámhaíochta, curachóireachta, cadhcála agus siúlóide, agus cuireann siad go mór le radharcra sárscéimhe Phort Láirge.

IMEACHTAÍ SPÓIRT AR MHÓRSCÁLA
- Maratón Lochlannach Phort Láirge
- Dúshlán Rothaíochta Thuras Phort Láirge de chuid Sheáin Uí Cheallaigh
- 10 Míle Dhún Garbhán de chuid Sheáin Uí Threasaigh
- '10 Ciliméadar Run/Walk for Life' i gcabhair ó Solas Centre Phort Láirge.
Tuilleadh eolais ar imeachtaí spóirt atá ag teacht aníos féach ar fhéilire Chomhpháirtíocht Spóirt Phort Láirge ar:
Waterford Sports Partnership – Calendar
GALF
Tá réimse galfchúrsaí den scoth i bPort Láirge le radharcra sciamhach agus saoráidí nua-aimseartha a fhéachann chuige go mbaineann tú taitneamh as do bhabhta gailf agus as an saol sóisialta a ghabhann leis. Tuilleadh eolais: Waterford - Golf Club
IONAID GHNÍOMHAÍOCHTAÍ I BPORT LÁIRGE
Tá raon d’ionad gníomhaíochta faoi dhíon agus allamuigh i bPort Láirge a sholáthraíonn réimse gníomhaíochtaí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga araon. Tuilleadh eolais ar fáil ar: Visit Waterford