Tá éascaíochtaí oideachais den scoth ar fáil i bPort Láirge le raon roghanna ar fáil don bhunoideachas (4-12 bliain), iarbhunoideachas (12-18 bliain) agus do mhic léinn lánfhásta.

BUNOIDEACHAS (4-12 BLIAIN)
Freastalaíonn 77 bunscoil ar phobal Phort Láirge idir scoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta de.
Cliceáil chun féachaint Sonraí agus Suíomhanna na mBunscoileanna i bPort Láirge.
IARBHUNOIDEACHAS (13-18 BLIAIN)
10K
Tá 19 iarbhunscoil a fhreastalaíonn ar nach mór 10,000 dalta i bPort Láirge.
Cliceáil chun féachaint Sonraí agus Suíomhanna na nIarbhunscoileanna i bPort Láirge.

OIDEACHAS TRÍÚ LEIBHÉAL
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
Is institiúid ar leibhéal ollscoile í Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, a thairgeann réimse de dheiseanna ardleibhéil ó leibhéal Dioplóma go leibhéal Dochtúireachta, i scoileanna áirithe na hInstitiúide. I láthair na huaire freastalaionn Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar de bhreis ar 10,000 mac léinn agus tá 1,000 ball foirne aici.
BORD OIDEACHAIS & OILIÚNA PHORT LÁIRGE & LOCH GARMAN
Is soláthraí náisiúnta oideachais agus oiliúna é B.O.O. Phort Láirge agus Loch Garman a thairgeann réimse cuimsitheach oideachais agus oiliúna i bPort Láirge.
San áireamh i soláthar oideachais agus oiliúna BOO Phort Láirge agus Loch Garman tá:
- Iarbhunscoileanna
- Coláistí Breisoideachais
- Ionaid Aosoideachais agus Breisoideachais
Seachadaíonn BOO Phort Láirge agus Loch Garman raon de chláir oideachais agus oiliúna. San áireamh tá:
- Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta
- Cúrsaí Oiliúna
- Printíseachtaí
- Cúrsaí Oideachais Allamuigh
- Cláir Um Sheirbhísí Óige
Tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na na roghanna oideachais agus oiliúna a sheachadaíonn BOO Phort Láirge agus Loch Garman ar: www.waterfordwexford.etb.ie
COLÁISTE BREISOIDEACHAIS PHORT LÁIRGE
Tairgeann Coláiste Breisoideachais Phort Láirge (WCFE), atá lonnaithe i gcroílár Chathair Phort Láirge, réimse de chúrsaí Breisoideachais do mhic léinn ar gach aon aois. Riarann BOO Phort Láirge agus Loch Garman an coláiste agus freastalaíonn 859 mac léinn air de ló agus breis ar 1,100 mac léinn air istoíche, sa bhliain acadúil reatha seo.
Tuilleadh eolais agus liosta iomlán na gcúrsaí ar fáil: WCFE

AOSOIDEACHAS
Tá iliomad roghanna ar fáil i bPort Láirge chun cur le do chuid oideachais agus oiliúna le cúrsaí lánaimseartha, páirtaimseartha agus oíche ar fáil sna hinstitiúidí seo a leanas:
- Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
- Tá réimse de roghanna éagsúla aosoideachais atá ar fáil i gCathair & i gCo Phort Láirge ar liosta Bhord Oideachais & Oiliúna Phort Láirge & Loch Garman.
- Coláiste Breisoideachais Phort Láirge (WCFE)