Idir na dlúthionaid bheoga uirbeacha, dhúiche tuaithe ardscéimhe agus cheantair sciamhacha cois cósta, cruthaíonn Port Láirge suíomh ídéalach do shlí mhaireachtála teaghlaigh atá níos iomlánaí. Idir thithíocht a bheith ar fáil agus phraghasanna níos ísle réadmhaoine, shaoráidí pobail den scoth agus thimaistear atá gearr, cuirtear go mór leis an gcaighdeán saoil a bhíonn ag cách i bPort Láirge.
Saol an Teaghlaigh
Idir na dlúthionaid bheoga uirbeacha, dhúiche tuaithe ardscéimhe agus cheantair sciamhacha cois cósta, cruthaíonn Port Láirge suíomh ídéalach do shlí mhaireachtála teaghlaigh atá níos iomlánaí. Idir thithíocht a bheith ar fáil agus phraghasanna níos ísle réadmhaoine, shaoráidí pobail den scoth agus thimaistear atá gearr, cuirtear go mór leis an gcaighdeán saoil a bhíonn ag cách i bPort Láirge.

CÚRAM LEANAÍ
Tá raon de roghanna maidir le cúram leanaí ar fáil i bPort Láirge; ina measc tá:
- Montessori
- Réamhscoil
- Cúram lae
- Grúpa Súgartha/Scoil
- Seisiúin Bhuail isteach
- Naíonra-réamhscoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge
Ar an meán, tá an costas ar chúram leanaí i bPort Láirge 21% níos ísle ná mar atá a mhacasamhail i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin tá na liostaí feithimh i bhfad níos gaire ná mar atá siad i mBaile Átha Cliath. Tuilleadh eolais ar chúram leanaí i bPort Láirge agus liosta iomlán d’eagraíochtaí chúram leanaí atá cláraithe, ar fáil ar: Waterford – Childcare
Féach Rannán an Oideachais den suíomh idirlín seo chun eolas a fháil ar: Bhunoideachas, Iarbhunoideachas agus Oideachas Tríú leibhéal.

TRÁNNA, FAICHÍ & CLÓIS SÚGARTHA
Tá réimse saoráidí i bpáirceanna poiblí Phort Láirge, ina measc sin tá: Visit Waterford – Beaches
- Ceantair ghlasa
- Conairí
- Páirceanna Imeartha
- Clóis Súgartha
- Páirceanna Scátála
- Boird Phicnicí
- Láithreacha Gleacaíochta
- Cláir Faisnéise
Tá mórán clós neamhspeách súgartha ann chomh maith agus cé go mbíonn clóis súgartha éagsúil óna chéile, bíonn luascáin, sleamhnáin agus aonaid do spraoi ilchineálach iontu de ghnáth, a thairgeann uaireanta fada spraoi don óige.
Tuilleadh eolais ar na clóis súgartha is ansa leis an bpobal agus na clóis is na páirceanna is oiriúnaí do theaghlaigh, féach: Waterford – Parks
Costas Maireachtála
Tá an costas maireachtála i bPort Láirge i bhfad níos saoire ná a mhacasamhail i mBaile Átha Cliath agus ar an iomlán glactar leis gurb í an chathair is inacmhainne in Éirinn.
22% Níos ísle
Tá cúram leanaí i bPort Láirge 22% níos ísle ná i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh
54% Níos ísle
Tá praghas na dtithe i bPort Láirge (ar an meán) 54% níos ísle ná i mBaile Átha Cliath.
53% Níos ísle
Léiríonn figiúirí réadmhaoine a tógadh ón suíomh idirlíon do réadmhaoin ar cíos, DAFT.ie ar an 17 Lúnasa 2018, gurb é €839 in aghaidh na míosa an meán-chíos i bPort Láirge, i gcomparáid le €2,065 i mBaile Átha Cliath Theas, €2,050 i mBaile Átha Cliath 8 agus €1,093 sa Ghaillimh.

TITHÍOCHT
Tá Port Láirge ar an gcathair is inacmhainne in Éirinn chun teach a fháil ar cíos inti nó chun teach a cheannach agus ar an meán tá na cíosanna agus praghasanna tithe is ísle ar fáil inti:
Meánphraghasanna Tithe i gCathracha na hÉireann
BAILE ÁTHA CLIATH €374,885
CATHAIR CHORCAÍ €273,894
CATHAIR NA GAILLIMHE €285,277
CATHAIR LUIMNIGH €189,416
CATHAIR PHORT LÁIRGE €172,880
Baineann na figiúirí seo le 02 2018. Tuilleadh sonraí ar fáil ar: Daft Sale Report
Meánchíos in aghaidh na Míosa i gCathracha na hÉireann
BAILE ÁTHA CLIATH €2,125
CATHAIR CHORCAÍ €1,203
CATHAIR NA GAILLIMHE €1,093
CATHAIR LUIMNIGH €1,009
CATHAIR PHORT LÁIRGE €839
Tá costas cíosa i bPort Láirge faoi bhun an mheánchíosa náisiúnta de: €1,060
Baineann na figiúirí seo le 02 2018. Tuilleadh sonraí ar fáil ar: Daft Rental Report